Jump to content

Gallinago

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoGallinago Cuir in eagar ar Wikidata

naoscach Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdCharadriiformes
FineScolopacidae
GéineasGallinago Cuir in eagar ar Wikidata
Brisson, 1760

Is géineas éan é Gallinago san fhine Scolopacidae (na lapairí), ina bhfuil 18 speiceas.

Thug an míoleolaí Francach Mathurin Jacques Brisson an t-ainm Gallinago isteach sa bhliain 1760 mar fhoroinn den ghéineas Scolopax.[1] Níor bhain Brisson úsáid as córas déthéarmach ainmníochta Carl Linnaeus, agus cé gur ghlac éaneolaithe le go leor géineas de chuid Brisson, rinneadh neamhaird ar a chuid foranna den chuid is mó.[2] Ina áit sin, bhí cruthú an ghéinis Gallinago curtha síos don míoleolaí Gearmánach Carl Ludwig Koch i leabhar a foilsíodh sa bhliain 1816.[3] Ach i 1920 fuarthas amach gur leag an nádúraí Gearmánach Johann Samuel Traugott Frenzel an géineas Capella amach do na naoscacha sa bhliain 1801.[4] Thosaigh Aontas Éaneolaithe Mheiriceá ag baint úsáide as Capella sa bhliain 1921[5] agus i 1934 d’úsáid an t-éaneolaí Meiriceánach James L. Peters Capella do na creabhair ina leabhar clúiteach Check-list of Birds of the World.[6] Sa bhliain 1956, rialaigh an Coimisiún Idirnáisiúnta um Ainmníocht Zó-eolaíochta gur cheart go mbaintear úsáid as Gallinago Brisson 1760 ar an ngéineas agus an naoscach coiteann mar speiceas tíopúil.[7]

Is focal Nua-Laidine ar chreabhar nó naoscach é gallinago, ón Laidin gallina, “cearc” agus an iarmhír -ago, "cosúil le".[8]

Tá 18 speiceas sa ghéineas:[9]

  • Gallinago solitaria
  • Gallinago hardwickii
  • Gallinago nemoricola
  • Gallinago stenura
  • Gallinago megala
  • Gallinago nigripennis
  • Gallinago macrodactyla
  • Gallinago magellanica
  • Gallinago media — naoscach mhór[10]
  • Gallinago gallinago
  • Gallinago delicata — naoscach Wilson[11]
  • Gallinago paraguaiae
  • Gallinago andina
  • Gallinago nobilis
  • Gallinago undulata
  • Gallinago stricklandii
  • Gallinago jamesoni
  • Gallinago imperialis
  1. Brisson (1760). "Ornithologie, ou, Méthode contenant la division des oiseaux en ordres, sections, genres, especes & leurs variétés" (in fr, la) 5: 298, 304. Paris: Jean-Baptiste Bauche. 
  2. Allen (1910). "Collation of Brisson's genera of birds with those of Linnaeus". Bulletin of the American Museum of Natural History 28: 317–335. 
  3. Koch (1816). "System der baierischen Zoologie" (in de) 1. Nürnberg: Stein. 
  4. Mathews (1920). "Sherborn and the systematist". Austral Avian Record 4 (4&5): 130–132. 
  5. Mathews (1920). "Sherborn and the systematist". Austral Avian Record 4 (4&5): 130–132. 
  6. "Check-list of Birds of the World" (1934) 2. Cambridge, Massachusetts: Harvard University Press. 
  7. "Opinions and Declarations Rendered by the International Commission on Zoological Nomenclature" (1956) 1 Section D Part D.4: 95–138. London: International Trust for Zoological Nomenclature. 
  8. Jobling (2010). "The Helm Dictionary of Scientific Bird Names". London: Christopher Helm. ISBN 978-1-4081-2501-4. 
  9. Gill: “Sandpipers, snipes, coursers”. IOC World Bird List Version 11.2. International Ornithologists' Union (July 2021). Dáta rochtana: 22 November 2021.
  10. “Gallinago media” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-31.
  11. “Gallinago delicata” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-31.