Jump to content

Charadriiformes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCharadriiformes Cuir in eagar ar Wikidata

cosdeargán Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
ForordNeoaves
OrdCharadriiformes Cuir in eagar ar Wikidata
Huxley, 1867

Is ord éagsúil é Charadriiformes d'éin bheaga go mhórmhéide. Cuimsíonn sé thart ar 350 speiceas agus tá comhaltaí ann i ngach cearn den domhan. Cónaíonn an chuid is mó de na charadriiformes in aice le huisce agus itheann siad inveirteabraigh nó ainmhithe beaga eile; áfach, tá cuid acu peiligeach (éin mhara), agus bíonn roinnt eile lonnaithe i bhfásaigh agus faightear cúpla díobh i bhforaois tiubh.

Tacsanomaíocht, córasaíocht agus éabhlóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an t-ord), roimhe seo, roinnte i dtrí bhfo-oird:

  • Na lapairí (nó "Charadrii"); éin chladaigh tipiciúla, beathaíonn an chuid is mó díobh trí thochailte sa láib nó trí phioctha míreanna ón dhromchla i  timpeallachtaí ar an chósta agus san fhionnuisce araon.
  • Na Laridae; is gnách go mbíonn na speicis seo níos mó, agus tógann siad éisc ón bhfarraige. Freisin, glacfaidh roinnt faoileán agus meirleach mara míreanna bia ó thránna, nó robálfaidh siad bia ó speicis níos lú, agus bíonn cuid acu curtha in oiriúint do thimpeallachtaí intíre. 
  • Na falcóga (nó "Alcae"); is speicis chósta iad a neadaíonn ar aillte mara agus "eitlíonn" siad faoi uisce chun iasc a ghabháil. 

Finte in ord tacsanomaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo liosta de na Finte 'Charadriiformes', curtha i láthair i ord tacsanomaíoch.