Jump to content

Clinton Joseph Davisson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clinton Joseph Davisson

Fisicí a rugadh i mBloomington, Illinois ab ea Clinton Joseph Davisson (1881-1958). Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic le George Paget Thomson i 1937 as a shaothar ar dhíraonadh leictreon i gcriostail, saothar a dheimhnigh nádúr tonnach cáithníní mar a thairg Louis de Broglie, agus a bhí tábhachtach i saothrú teoiric chandamach an damhna.