John B. Keane
Ba drámadóir, file agus scríbhneoir iomráiteach de chuid na hÉireann é John Brendan Keane (rugadh é ar an 21 Iúil, 1928 agus fuair sé bás ar an 30 Bealtaine, 2002).
A shaol
Rugadh i Lios Tuathail, Co. Ciarraí do William B. Keane agus Hannah Purtill é. Tógadh ansin é agus tar éis dó an mheánscoil a fhágaint chaith sé na blianta idir 1946 agus 1951 ag obair mar chúntóir i siopa poitigéara. Ó 1951 go dtí 1955 chuaigh sé ar imirce go Sasana, áit ar bhain sé a shlí bheatha amach ar neart bhealaí éagsúla. Sa bhliain 1955 d'fhill sé ar a áit dhúchais agus ó shin go shíothlaí sé, bhí teach tábhairne, mar gnó, idir láimhe aige.
Sa bhliain 1991 bronnadh ballraíocht buan den Royal Dublin Society air. Bhí sé ina uachtaráin ar PEN agus bhí sé ina bhunaitheoir den Irish Playwrights Society (Cumann na Drámadóirí Éireannacha). San am céanna bhain sé amach ballraíocht in Aosdána. Mar bhall den pháirtí polaitiúil Fhine Ghael níor sheachain sé díospóireacht chonspóideach ríomh.
Bhí sé pósta le Mary O'Connor agus bhí ceathrar chlainne acu. Fuair sé bás ina theach féin de bharr ailse i measc a phobail fhéin sa bhliain 2002. Ceathracha sé mórshaothair a d'fhoilsigh sé le linn a shaol torthúil.
A shaothar
Drámaí
- Sive (1959)
- Sharon's Grave (1960)
- The Highest House on the Mountain (1961)
- No More in Dust (1961)
- Many Young Men of Twenty (1961)
- Hut 42 (1962)
- The Man from Clare (1962)
- Seven Irish Plays (1967)
- The Year of the Hiker
- The Field
- Big Maggie
- Moll
- The Crazy Wall
- The Buds of Ballybunion
- The Chastitute
- Faoiseamh
- The Matchmaker
Úrscéalta
- The Bodhran Makers
- Durango
- The Contractors
- A High Meadow
- Letters of a successful T.D
Aistí
- Love Bites
- Owl Sandwiches
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |