Jump to content

Jeff Sessions

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jeff Sessions

Is polaiteoir Meiriceánach é Jefferson Beauregard Sessions III (rugadh 24 Nollaig 1946). Eisean Seanadóir na Stát Aontaithe sóisearach ó Alabama ó 1997 go 2017. Is ball den Pháirtí Poblachtach é agus in Alabama a chaith sé bunús a shaoil.

I mí na Samhna 2016, d'ainmnigh an t-Uachtarán tofa Donald Trump Sessions do phost Ard-Aighne na Stát Aontaithe. Deimhníodh an t-ainmniúchán sa Seanad ar 8 Feabhra 2017 le vóta 52-47. Luther Strange a tháinig i gcomharbas air mar sheanadóir.

Luathsaol

Tógadh i Hybart, Alabama é. B'úinéir siopa tuaithe é a athair. Sa bhliain 1964 rinneadh Eagle Scout de. I ndiaidh dó críoch a chur lena chuid scolaíochta i gCamden, chuaigh Sessions go dtí Huntingdon College i Montgomery, Alabama agus bhain sé céim Baitsiléir Ealaíon amach sa bhliain 1969. Fuair sé céim Juris Doctor ó University of Alabama i 1973.

D'oibrigh Sessions mar aturnae ar dtús in Russellville, Alabama agus i Mobile, sa stát céanna, ina dhiaidh sin, áit a bhfuil sé ina chónaí anois. D'oibrigh sé i gCúltaca Airm na Stát Aontaithe sna 1970í.

Slí bheatha pholaitiúil

Tar éis dhá bhliain mar fho-aturnae SA leis an Dúiche Theas in Alabama (1975-1977), fuair Sessions ainmniúchán ó Uachtarán Ronald Reagan i 1981 and bhí sé cinntithe ag an Seanad mar Aturnae SA don Dúiche Theas in Alabama, agus d'oibrigh sé ag an phost sin ar feadh 12 bliain. Bhí Sessions tofa mar Ard-Aighne Alabama i 1995, ag comhlíonadh an phoist sin go dtí 1997. I 1996 bhi sé tofa go Seanad na Stát Aonaithe. Bhí sé áth-tofa go héasca i 2002. Poblachtach coimeádach atá ann, agus é cloí leis an seasamh Poblachtach maidir le gnóthaí eachtracha, cánacha agus beartas sóisialta. Cuireann sé i gcoinne ginmhilleadh agus tá sé faichilleach maidir le inimirce agus tráchtáil eachtrach. Lorgadh Sessions freisin teorannaigh cánacha agus caiteachas intíre. Is cosantóir do na fórsaí míleata é.