Jump to content

Günter Grass

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGünter Grass

(2006) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Günter Wilhelm Grass Cuir in eagar ar Wikidata
16 Deireadh Fómhair 1927
Cathair Shaor Danzig Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Aibreán 2015
87 bliana d'aois
Lübeck (an Ghearmáin)
Siocair bháisIonfhabhtú
Áit adhlacthaVillage church Behlendorf (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síBerlin University of the Arts (en) Aistrigh (1953–1956)
Kunstakademie Düsseldorf - grafaicí, dealbhóir (1948–1952)
Pestalozzischule (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithePáras
Friedenau
Wewelsfleth
Behlendorf
Gdańsk
Düsseldorf
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Réimse oibreFicsean
Gairmliriceoir, maisitheoir, friothálaí, ealaíontóir grafach, scríbhneoir, grianghrafadóir, déantóir priontaí, ealaíontóir, péintéir, scríbhneoir aistí, file, scríbhneoir scripte, dírbheathaisnéisí, dealbhóir, drámadóir, úrscéalaí, leabhrógaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1956 –
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine (1982–1992) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidOtto Pankok agus Josef Mages
TeangachaAn Ghearmáinis
Gairm mhíleata
Brainse míleata10th SS Panzer Division Frundsberg (en) Aistrigh
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileAnna Grass
Anna Schwarz (1954–1978)
Ute Grass (1979–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteHelene Grass
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínWaltraud Grass
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáingrass-stiftung.de Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0335848 iTunes: 260371002 Musicbrainz: f1b303ea-8965-44dc-a31b-3b8266800ba9 Discogs: 1480520 Find a Grave: 144947573 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir comhaimseartha ab ea Günter Wilhelm Grass (16 Deireadh Fómhair 192713 Aibreán 2015) a bhain amach Duais Nobel na Litríochta mar gheall ar a chuid leabhar as Gearmáinis. Rugadh i Danzig é, ach nuair a thit an chathair sin leis na Polannaigh i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, shocraigh sé síos in Iarthar na Gearmáine. Mar sin féin, is í cathair a óige is ábhar don chuid is mó dár scríobh sé. Is é an t-úrscéal úd Die Blechtrommel ("An Druma Stáin") is mó a thuill cáil dó ar fud an domhain, nó is féidir a rá gur thug an leabhar sin an réalachas draíochta isteach i litríocht na hEorpa. Bhí suim mhór ag Grass i gcúrsaí polaitíochta riamh, agus é ag tacú le Daonlathaigh Shóisialta na Gearmáine (SPD) ó am go ham.

Tháinig Grass chun saoil i nDanzig, áit a raibh siopa grósaera ag a mhuintir. Protastúnach Gearmánach ab ea a athair, Willy Grass (1899-1979), ach ba Chaitliceach í a mháthair, Helene Knoff (1898-1954), agus gaolta Caisiúbacha agus Polannacha aici. Treibh áitiúil Shlavach is ea na Caisiúbaigh a bhfuil teanga dá gcuid acu, cé nach saothraítear mórán sa litríocht í. Tógadh Günter óg leis an gcreideamh Caitliceach, cibé scéal é. Bhí cónaí ag a mhuintir i Langfuhr (inniu, Wrzeszcz, arb é an ceantar is mó daonra i Gdańsk inniu, agus stáisiún traenach ar leith ansin), cois na sráide úd Labesweg (inniu, Ulica Joachima Lelewela). Rugadh deirfiúr dó sa bhliain 1930.

D'fhreastail Günter óg ar an meánscoil úd Conradinum. Bhí sé míshásta leis an atmaisféar i dteach a thuismitheoirí, ó nach raibh saol na meánaicme Caitlicí ag taitneamh le mífhoighne an ógánaigh. Mar sin, chuir sé in iúl do na húdaráis mhíleata gur theastaigh uaidh dul ar fiannas i bhfomhuireán. Ní bhfuair sé a mhian, nó ar dtús, preasáladh san Arbeitsdienst é, is é sin, ina "shaighdiúir oibre" a chaithfeadh gnáthobair thógála a dhéanamh faoi shainéide agus faoi smacht míleata. I Mí na Samhna, 1944, chuaigh sé sna saighdiúirí sa deireadh, ach níorbh é an fomhuireán a bhí i gceist, ach deichiú rannán tancanna an SS, "Rannán Frundsberg". Goineadh i machaire an áir é ar an 20ú lá de Mhí Aibreáin, 1945, agus cimíodh i gcampa príosúnachta de chuid na Meiriceánach é. Sna blianta a bhí le teacht, níor thrácht sé le haon duine ar an SS. Ina áit sin, b'é an scéal a bhíodh aige ná go raibh sé ina Flakhelfer, is é sin, go raibh sé ina bhuachaill cúnta san airtléire frith-aerárthaí. Níor scaoil sé leis an bhfírinne ach sa bhliain 2006, nuair a tháinig a leabhar dírbheathaisnéise, Beim Häuten der Zwiebel ("Ag Baint an Chraicinn den Oinniún"), i gcló.

Sna blianta 1946-1947, bhí Grass ag foghlaim cheird an tsaoir cloiche i nDüsseldorf. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé ag staidéar dealbhóireachta agus dearthóireachta in Acadamh na nEalaíon sa chathair chéanna. Sa bhliain 1953, d'aistrigh sé go Beirlín lena chuid staidéir a leanúint in Ardscoil na nEalaíon (Hochschule für Bildende Künste) ansin. Chaith sé na blianta 1956-1959 i bPáras. Ina dhiaidh sin, d'fhill sé ar Friedenau i mBeirlín. Sa bhliain 1972, chuaigh sé a chónaí i Wewelsfleth i Schleswig-Holstein.

Phós sé Anna Schwarz, bean óg ón Eilvéis a bhí ag staidéar le bheith ina cailín bailé. Nuair a bhí sé ina chónaí le hAnna i bPáras, scríobh sé an t-úrscéal úd Die Blechtrommel, agus saolaíodh an bheirt mhac, Raoul agus Franz, dóibh. Cúpla a bhí iontu. Ar ais i mBeirlín dóibh, rugadh an chéad iníon, Laura. Tháinig an tríú mac, Bruno, chun saoil sa bhliain 1965. Ina dhiaidh sin, bhí scéal fada grá ag Grass le bean darbh ainm Veronika Schröter, agus rugadh iníon, Helene, dóibh sa bhliain 1974. Fuair Grass agus Anna colscaradh sa bhliain 1978, agus sa chéad bhliain eile, phós sé Ute Grunert, ceoltóir orgáin.

Chrom Grass ar an obair scríbhneoireachta an chéad uair sa bhliain 1956. Sa bhliain sin a d'fhoilsigh sé an chéad dán. An chéad chúpla saothar a bhreac sé síos, ba drámaí éigiallta agus dánta iad. Níor bhain sé amach cáil idirnáisiúnta roimh an mbliain 1959, nuair a cuireadh an t-úrscéal mór Die Blechtrommel i gcló.

Bhí Grass ag tacú leis an bPáirtí Daonlathach Sóisialta ó am go ham. Sa bhliain 1961, fuair sé aithne phearsanta ar Willy Brandt, agus sa bhliain 1982, chuaigh sé sa pháirtí. Mar sin féin, ba mhinic a chuir a chuid tuairimí polaitiúla isteach ar an bpáirtí. Sa bhliain 1990, nuair a bhí an dá stát Gearmánacha le dul le chéile in aon stát amháin, chuir Grass in iúl nár theastaigh uaidh an tír a athaontú, agus gurbh fhearr leis cineál feidearálacht dhá stát. Na hailt chriticiúla a tháinig i gcló óna pheann ar na nuachtáin timpeall an ama seo, d'fhoilsigh sé faoin teideal Ein Schnäppchen namens DDR - Letzte Reden vorm Glockengeläut ("Goblach ar a dtugtar Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine - Na hÓráidí Deireanacha roimh na Creilleanna Báis") faoi chlúdach leabhair iad níos deireanaí.

I rith na mblianta 1946 agus 1947 oilleadh mar saor chlocha é. Ar feadh scata fada d’obair sé mar dealbhóir, i dtús sa Kunstakademie in Düsseldorf agus i ndiaidh sin san Universität der Künste in Berlin. Ag an am céanna bhí sé ag feidhmiú mar scríbhneoir is ag taisteal go forleathan. Thug sé lán tacaíocht do Willy Brandt agus an SPD sa tréimhse seo. Phós sé i 1954; scar sé lena chéad bhean i 1978 agus d’athphós sé i 1979. Tá cónaí ar i mBeirlín agus caitheann sé tréimhsí i Schleswig-Holstein freisin .

Bhí sé ina Uachtarán ar an Berlin Akademie der Künste (Acadamh na hEalaíona i mBeirlín) ó 1983-86.

I rith an réabhlóid i 1989-90, mholl Grass go gcomeadfaí an deighilt idir an dá leath den Ghearmáin toisc gur chreid sé go mbeadh sé dosheachanta go n-éireoidh an Ghearmáin bagarthach ar mór roinn na hEorpa arís, dá naontófaí í.

Tá sé aitheanta mar gheall ar a chuid scríbhneoireachta go háirithe An Druma Stán (Die Blechtrommel a fhoilsíodh i 1959. I 1961 foilsíodh an t-úrscéal Cait agus Loch (Katz und Maus) agus sa bhliain 1963 Blianta Madra (Hundejahre). Tá na trí úrscéal seo bunaithe ar fás an Naitsíochais i nDanzig.

Bronnadh iliomad duaiseanna air agus i 1999 fuair sé an Duais Nobel le haghaidh an litríocht.

Cáineadh é ó am go chéile, mar nár rinne sé aon mórshaothar ó thús na seascaidí ar aghaidh, ach le Siúl an Phortáin (Krebsgang) a foilsíodh sa bhliain 2002 léirigh sé go raibh sé chomh cruthaíoch ná mar a bhí sé riamh.

D'fhoilsigh sé leabhar úr sa bhliain 2006 Beim Häuten der Zwiebel (Ag baint an chraicinn den oinniún) inar adhmhaigh sé go raibh sé ina bhall den Waffen SS ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda. Dár leis, ní fhéadfadh sé an rialtas san iar-Ghearmáin Iarthar a cháineadh i rith na mblianta dá mbeadh fhios ag an saol i gcoitinne faoin eachtra seo. Chruthaigh sé an-chonspóid leis an admháil seo agus deir lucht a cháinte go raibh iliomad deiseanna aige i rith na mblianta an fhírinne a insint agus anois gur gá a shaothair uilig a athléamh sa comhthéacs nua.