Jump to content

Inneall turba-scairde

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is iad na scairdinnill is simplí agus is sine iad na hinnill turba-scairde. D'fhorbair an bheirt innealtóir éagsúil, Frank Whittle i Sasana agus Hans von Ohain san Ghearmáin an coincheap, neamhspleách óna chéile, sna tríochaidí.

Tá na turba-scairde comhdhéanta de ionraon aeir, comhbhrúiteoir aeir, cuasán dó, gástuirbín (a thiománann aer chuig an chomhbhrúitera) agus soc.

Comhbhrúitear an t-aer isteach sa chuasán, bíonn an teas dócháin freagrach as an aer a fhorleathnú agus a téamh, agus ar aghaidh ansin leis an gás sceite, tríd an tuirbín agus amach as an soc, i gcúrsa luathaithe, a thugann cumhacht tiomána don fheithicil.

Tá na turba-scairde neamhéifeachtach ( ag luas níos lú ná Mach2) agus íontach challánach. Bíonn innill turbai-fean in úsáid ag mórchuid aerárthaí na linne seo.

Léaráid

Stair

Ba é an Heinkel He 178 an chéad scairdeitleán a d'úsáid cumhacht innill turba-fean le haghaidh eitilte, ar an 27 Mí Lúnasa na bliana 1939.

Ba é an Messerschmitt Me 262 agus an Gloster Meteor na chéad innill turba-scairde oibríochta a bhí rannpháirteach sa Dara Cogadh Domhanda i 1944.

Úsaidtear an t-inneall turba-scairde go príomha le haghaidh eitleáin a thiomáint.Tarraingítear aer isteach sa chomhbhrúiteoir rothlach, tríd an ionraon aeir, agus i ndiaidh an t-aer a bheith chomhbhrúite go dtí brú níos airde, ligtear é isteach sa chuasán dó. Measctar an breosla leis an aer comhbhrúite agus téann an meascán seo ag bladhmadh i sruth guairneáin an choinneálaí lasrach. Ardaíonn an próiseas dó seo teocht an gháis go suntasach. Forbraíonn na táirgí dó iontach te seo agus iad ag dul tríd an turibín, áit a mbaintear cumhacht as le haghaidh an chomhbhrúiteora. Cé go laghdaíonn an próiseas forbartha brú agus teocht an gháis a imíonn amach ón tuirbín, de gnáth, bíonn na paraiméadair araon fós níos airde ná na coinníollacha comhthimpeallacha.

Forbraíonn an sruth gáis go dtí brú chomhthimpeallach agus é ar a shlí amach ón tuirbín, tríd an soc tiomána, agus táirgítear scaird gháis ardluais sa chleitín sceite. Má tá móiminteam an tsrutha sceite níos mó ná móiminteam an gháis iontógála, bíonn an ríog dearfach, agus de réir sin bíonn sá glan chun tosaigh ar an aerinneall.

Bhí scairdinnill den chéad ghlúin ina ghlan innill turba-scairde le chomhbhrúiteoir lártheifeach nó aiseach. Is innill turbai-fean iad den chuid is mó na scairdinnill nua-aimseartha, ina dtéann céatadán d'aer-iontógála ar seach-chonair ón dóire: agus an céatadán seo ag brath ar coibhneas seach-chonair an innill. Cé go bhfuil dearadh innill na rop-scairdinneall níos simplí, mar nach bhfuil chóir a bheith páirteanna gluaisteacha acu, níl siad in ann feidhmiú ag íseal-luas eitilte.


Aer-iontógáil

Tá an t-ionraon aeir suite os comhair an chomhbhrúiteora, agus é ceaptha chun rop-bhrú an tsruthfheadáin, a thagann ón aer-iontógáil, a shábháil ar an mbealach is éifeachtúla. Ag leanúint ón ionraon aeir, téann an t-aer isteach san chomhbhrúiteoir.

Comhbhrúiteoir

Cuasán Dó

Tuirbín

Foinsí

Féach freisin