Jump to content

Vicipéid:Riarthóirí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i riarthóir ná Vicipéideoir atá le "chearta oibreora córais" aige. Is é polasaí reatha na Vicipéide ná go dtugtar na cearta seo amach go fairsing chuig aon duine atá ina chuiditheoir Vicipéide ar feadh tamaill agus atá go ginearálta ina bhall clúiteach iontaofa sa chomhphobail.

"This should be no big deal," mar a dúirt Jimbo Wales.

Níl aon údarás speisialta ag oibreoir córais, agus tá siad ar cothrom le gach duine eile maidir le freagracht. B'fhéidir gur mí-oiriúnacha na téarmaí "oibreoir córais" agus "riarthóir" - níl iontú ach úsáideoirí Vicipéide ar a baineadh teorainn úsáide agus slándála, de bharr gur meastar iad bheith iontaofa agus oiriúnach. Ní cheart go mbeidh aon chumhacht ag na hoibreoirí córais ar úsáideoirí eile, ach amhain a chur i bhfeidhm na socruithe a dhéanann na Vicipéideoirí go léir.

Céard é an scéal leis?

Tá cúpla tréithe tábhachta ag na vicí-bogearraí atá teorannta. Tá teacht ag oibreoirí córais ar na tréithe teorannta seo a leanas.

Leathanaigh faoi ghlas

  • Leathanaigh faoi ghlas a athrú go díreach.
  • Glais a chur ar leathanaigh, agus a bhaint de chomh maith. Ní chuirtear glais ar leathanaigh ach amháin i gcúinsí áirithe: chun a thuilleadh eolais a fháil, féach ar Vicipéid:Polasaí glasála.

Scriostaí agus díscriostaí

  • Leathanaigh agus a gcuid staire a scriosadh. Féach ar Vicipéid:Polasaí scriosta Chun leathanach éigin a mholadh don scriosadh (i ndiaidh an polasaí a léamh!), féach ar Vicipéid:Leathanaigh le scriosadh. Is ábhar teicniúil é an scriosadh uaireanta, chun leathanach a scriosadh chun alt a athainmniú, nó chun an stair athruithe a chur ar ais le leathanach éigin. Nó b'fhéidir go bhfuil leathanach drámhála i gceist, gan aon ábhar ceart ann, nó go chóipeáladh ábhar as suíomh eile in aghaidh chóipchirt.
  • Íomhánna a scriosadh go buan. Ní féidir an saghas gníomh sin a céalú: tar éis an scrios, sin mar atá sé go buan. Féach ar Vicipéid:Polasaí íomhánna le tuilleadh eolais. Chun leathanaigh a mholadh don scriosadh, féách Vicipéd:Íomhánna le scriosadh. Chun dúshlán a thabhairt le scrios íomhá, bí cinnte go bhfuil cóip den íomhá agat (níl aon slí eile chun an íomhá a chur ar ais), agus féach ar Vicipéid:Íomhánna le díscriosadh. Tabhair faoi deara nach bhfuil aon cúis áirithe ann go scriostar íomhánna go buan gach uair: níl seo ach mar a oibríonn na bogearraí faoi láthair.

Iompú ar ais

  • Leathanaigh a iompú ar ais go tapaidh. Is féidir le haon úsáideoir leathanach a iompú ar ais go leagan níos sine - is cuma má tá sé nó sí logáilte isteach nó nach bhfuil. Tá uirlis uathoibrithe níos tapaidh ag riarthóirí chun cabhrú le loitiméireacht na n-úsáideoirí gan ainmneacha a iompú ar ais. Agus a fheiceann siad ar an liosta dréachtaí do úsáideoir éigin, feictear nasc mar sin: [iompaigh ar ais] – ar dheis na hathruithe ag barr na staire leathanaigh. Le gliogáil ar an nasc seo, iompaítear ar ais chuig an leagan deireanach nach ndearna an úsáideoir sin, leis an athchoimriú (Iompaíodh athruithe de chuid X ar ais chuig an leagan deireanach de chuid Y) agus marcálaítear é bheith mionathrú. In a fairly recent change, admins can also rapidly revert changes when viewing a diff.

Loitiméireacht a chur as an leathanch "Athruite is déanaí"

  • Is féidir le hoibreoirí córais loitméireacht tuile a folmhú ón leathanach "Athruithe is déanaí".

Cosc agus díchosc

  • Coisc a chur ar seolaidh IP, réimsí IP, agus cuntais úsáideoirí, ar féadh tamaill áirithe nó neamháirithe.
  • Coisc a bhaint de seolaidh IP, réimsí IP, agus cuntais úsáideorí

Iarratais bunachar sonraí

  • Agus a chumasaítear an tréith Speisialta:Asksql, is féidir le hoibreoirí córais iarratais inléite amháin a dhéanamh ar an mbunachar sonraí. Nuair a díchumasaítear an tréith, nó muna bhfuil tú chinnte faoi conas SQL a úsáid, nó muna bhfuil tú i d'oibreoir córais, is féidir leat iarraidh ar dhaoine eile iarratas a dhéanamh duitse ag Vicipéid:Iarratais SQL. Má tá sé uathu iarratas níos fada a dhéanamh ná 30 soicind, ba cheart duit an dumpa cúltaca agus bunachar sonraí MySQL a íoslódáil agus iarratas a dhéanamh go logánta. Moltar gan iarratais a dhéanamh atá níos faide ná 10 soicind.

Déanamh agus cur i bhfocail an chomhéadáin

  • Ó thús 3 Meitheamh 2004, is féidir le hoibreoirí córais stíl an chomhéadán a athrú le hathrú a dhéanamh ar na sysops can edit the style of the interface by changing the CSS sa stílbhileog monobook ag MediaWiki:Monobook.css.

Teacht chun bheith riarthóir

Má tá rochtain oibreora córais ag teastail uait, cur d'ainm ar an leathanach phlé de réir na treoirlínte atá le fáil ann, agus vótálfaidh na Vicipéideoirí eile chun beartaigh má dhéanfaidh tú riarthóir. Moltar duit scríobh sa Vicipéid ar feadh tamaill roimh rochtain riarthóra a iarraidh. Cuimhnigh go bhfuil na rialacha saghas difriúla i ngach Vicipéid.

Bí go cúramach! Má thógtar rochtain duit, iarrtar duit bheith an-chúramach maidir leis na tréithe sin, go háirithe maidir le scriosadh agus díscriosadh na leathanach agus na híomhánna (agus a gcuid staire), agus seolaidh IP a chosc. Is féidir leat foghlaim faoi na cumhachtaí riarthóra ag an Lámhleabhar riarthóireachta.

Saghsanna eile rochtana

Chomh maith le riarthóirí, tá saghsanna eile úsáideora aitheanta le fáil. Tá siad go leor sa liosta seo, in ord cumhachta.

Úsáideoirí logáilte isteach

Is féidir le gnáth-úsáideoirí an chuid is mó rudaí a dhéanamh, na daoine a nach bhfuil logáilte isteach san áireamh. Go soiléir, is féidir leo ailt a athrú agus cabhraigh le cothabháil na Vicipéide.

Ach, ní féidir le héinne comhaid a uaslódáil nó leathanaigh a athainmniú, ach amháin na úsáideoirí logáilte isteach: féach ar Speisialta:Userlogin chun lógail isteach a dhéanamh.

Riarthóirí

Tugtar "Oibreoirí córais" orthu chomh maith.

Maorlathaigh

Is féidir le "maorlathach" riarthóir a dhéanamh de húsáideoirí eile (ach ní féidir leo an stádas sin a bhaint de). Is féidir le maorlathach amháin maorlathach eile a dhéanamh ar an thionscadal céanna.

Maoir

Is féidir le "maor" an stádas rochtana de húsáideoir ar bith ar tionscadal de chuid Wikimedia a athrú, an riarthóireacht san áireamh, agus is féidir leo marcanna speisialta a chur ar robait. Is féidir leat aire a iarraidh ó maor ag m:requests for permissions. De ghnáth, ní dhéanfaidh siad an saghas rud ba féidir le maorlathaigh a dhéanamh.

Forbróirí

An céim is airde rochtana teicniúla (i ndáiríre tá cúpla fo-leibhéil ann, ach ní féidir le húsáideoirí aon difríocht ceart a dhéanamh eatarthu) aga sa "forbróir". Is féidir leo athruithe díreacha a dhéanamh do na bogearraí agus bunachar sonraí Vicipéide. Ar an iomlán ní dhéanann siad jabanna riarthóireachta, ach amháin chun athruithe a chur i leith do dhaoine agus seiceáil ar puipéid. Is féidir teangmháil a dhéanamh leo ag Wikitech-L. Feach m:Developer le tuilleadh eolais.

Drochíde riarthóireachta

Is féidir an riarthóireacht a bhaint de dhuine dá gheobhadh sé nó sí mí-úsáid as a chuid chumhachtaí. Faoi láthair, ní féidir le haon duine ach Jimbo Wales a shocrú faoin saghas scéil sin. De réir a chomhairle fhéin, is féidir píonóis níos bige a chur ar riarthóirí fadhbacha. Is féidir le maoir an stádas riarthóra a bhaint de dhuine.

Déileáil le hábhair gearáin

Dá mheasfá go rinne riarthóir drochghníomh in éadan tusa nó úsáideoir eile, ba cheart duit é sin a phlé go díreach leis an riarthóir freagrach. Muna bhfeidir libh an scéal a réitigh, is féidir leat a thuilleadh a dhéanamh de réir Vicipéid:Argóint a réiteach.