Jump to content

Breochruimh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Téarma coitianta ar ghrúpaí éagsúla larbhaí feithidí agus baineannaigh aosacha larbhaíchruthacha a bhreonn trí bhithlonracht is ea breochruimh (Gaeilge na hAlban: cnuimh-gheal)[1] . Ina measc tá Lampyris noctiluca agus baill eile de na Lampyridae (na lampróga), ach tarlaíonn bithlonracht freisin sna finte Elateridae, Phengodidae agus Rhagophthalmidae i measc na gciaróg; chomh maith le baill den ghéineas Arachnocampa, Keroplatus agus Orfelia sna Keroplatidae (na cuileanna fungais).

Tá ceithre fhine de chiaróga bithlonracha. Is gnách go dtugtar "lampróga" nó "breochruimheanna" ar na larbhaíchruthacha baineannaigh agus ar larbhaí na speiceas bithlonrach seo. Féadfaidh nó ní fhéadfaidh fireannaigh bithlonracht a léiriú freisin. D’fhéadfadh an solas acu a bheith ag ligint amach mar splancacha, nó mar bhreo seasmhach, agus de ghnáth i raon dathanna ó ghlas, buí, go flannbhuí. Tá dlúthghaol ag na bhfinte, agus tá siad go léir ina mbaill d'ollfinte na gciaróg, Elateroidea. Thug anailísí fílighinéiteacha le fios go bhféadfadh bunús éabhlóideach amháin a bheith ag an bhithlonracht i measc na bhfinte Lampyridae, Phengodidae, agus Rhagophthalmidae; ach is dócha gur tháinig sí chun cinn go neamhspleách i measc na nElateridae.[2]

  • An fhine Elateridae – As an 10,000 speiceas measta a aicmítear faoin fhine seo, tá timpeall 200 speiceas ó réigiúin thrópaiceacha Mheiriceá agus roinnt oileán Meilinéiseach bithlonrach. Tá gach ceann acu ina mbaill den fhofhine Pyrophorinae, ach speiceas amháin, Campyloxenus pyrothorax, a bhaineann leis an fhofhine Campyloxeninae, agus Balgus schnusei.[3]
  • An fhine Lampyridae – Fíor breochruimheanna. Tá timpeall 2,000 speiceas le fáil ar fud an domhain. Tá roinnt "breochruimheanna" san fhine seo.[4]
  • An fhine Phengodidae – Fine ciaróg san ollfhine Elateroidea is ea Phengodidae. Tá a larbhaí agus baineannaigh bithlonrach.Tá timpeall 230 speiceas ann atá eindéimeach san Domhan Nua. Áirítear leis an bhfine seo freisin an géineas Phrixothrix, atá uathúil i measc gach orgánach bithlonrach trastíre sa mhéid is go dtáirgeann sé solas dearg..[5]
  • An fhine Rhagophthalmidae – Tá timpeall 30 speiceas le fáil san Áise. Níor réitíodh bailíocht na fine seo go hiomlán. Measadh roimhe seo gur fhofhine de Phengodidae é Rhagophthalmidae sular caitheadh leis mar fhine ar leith. Creideann roinnt údar anois gur chóir é a aicmiú faoi Lampyridae.
  1. “breochruimh” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-23.
  2. Yuichi Oba (2014). "Insect Molecular Biology and Ecology". CRC Press. 
  3. Costa, C. (1984) Note on the bioluminescence of Balgus schnusei (Heller, 1914) (Trixagidae, Coleoptera). Revista Brasileira de Entomologia 28: 397–398.
  4. "Glow Worm - Description, Habitat, Image, Diet, and Interesting Facts".
  5. "Terrestrial Bio luminescence: Biological and Biochemical Diversity".