Jump to content

Galar corráncheallach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarGalar corráncheallach
cuir in eagar
Cineálautosomal recessive disease (en) Aistrigh, hemoglobinopathy (en) Aistrigh, ainéime haemalaíoch ó bhroinn, blood protein disease (en) Aistrigh agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighishaemaiteolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
 Cógais
Pataigineas
Cúis ghéiniteachNPRL3, BCL11A agus HBB Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10D57, D57.1, D57.2, D57.20, D57.3, D57.8 agus D57.0 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9282.6, 282.60 agus 282.63 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0099893 Cuir in eagar ar Wikidata
OMIM603903 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB12069 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000527 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine1918423 agus 205926 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD000755 Cuir in eagar ar Wikidata
Orphanet275752 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0019034, C0002895 agus C5680749 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:10923 Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is galar corráncheallach ann ná grúpa neamhord fola a fhaightear le hoidhreacht de ghnáth.[1] Is é an toradh atá air ná mínormáltacht sa phróitéine haemaglóibin (an lí a iompraíonn an oscaigin sna fuillchealla dearga ). Cruthaíonn sé seo cruth docht corránach, faoi chúinsí áirithe. [1] Ainéime chorráncheallach a thugtar ar an gcineál is coitianta.[1]De ghnáth, tosaíonn fadhbanna i ngalar corráncheallach thart ar 5 go 6 mhí d'aois. D'fhéadfadh roinnt fadhbanna sláinte a fhorbairt, mar shampla taomanna péine (ar a dtugtar géarchéim chorráncheallach), ainéime, at sna lámha agus na cosa, ionfhabhtuithe baictéaracha, agus teagmhas ceirbreashoithíoch. Féadfaidh pian fadtéarmach a fhorbairt de réir mar a théann daoine in aois. Is é an meánionchas saoil sa domhan forbartha ná 40 go 60 bliain.[1]

Má fhaightear an ghéin seo ó thuismitheoir amháin ní bhíonn mórán siomptóm ann (an tréith chorráncheallach), ach is féidir an ghéin a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. Fulaingíonn daoine a fhaigheann géinte mínormálta ón dá thuismitheoir an galar ina iomláine. Bíonn haemaglóibin S fuilchealla dearga in ionad gnáth-haemaglóibin A. Mar thoradh air seo éiríonn na cealla seo corránach in ionad a ngnáthchruth ciorclach déchuasach, bíonn siad sobhriste, agus ní mhaireann siad rófhada san imshruthú. Bíonn ainéime ainsealach ag an duine sin, agus go minic baineann ionfhabhtuithe dó/di mar gheall ar ribeadáin bheaga a bheith calctha ag na fuilchealla dearga briste, ag cur bac ar sholáthar ocsaigine do na fíocháin.[2]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Anaemacht chorráncheallach
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 "What Is Sickle Cell Disease?".
  2. Hussey, Matt (2011). "Anaemacht chorráncheallach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 37.