Alfred Chester Beatty

fear gnó Meiriceánach

Fear gnó agus bailitheoir ab ea Sir Alfred Chester Beatty (187519 Eanáir 1968)

Infotaula de personaAlfred Chester Beatty

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Feabhra 1875
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Eanáir 1968
92 bliana d'aois
Monte Carlo, Monacó Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síFu Foundation School of Engineering and Applied Science (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Baile Átha Cliath (1950–1969)
Londain (1913–1950)
Nua-Eabhrac (1895–1913) Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmbailitheoir ealaíne, seandálaí, duine den lucht gnó Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1895 –  1968
Ball de
Roxburghe Club (en) Aistrigh (1923–1968)
An Cumann Leabhareolaíochta (1916–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileEdith Dunn Beatty Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAlfred Chester Beatty Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Cuming Beatty  agus Hetty Bull
Gradam a fuarthas
Síniú

Find a Grave: 48201590 Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh é i gCathair Nua-Eabhrac sa bhliain 1875. Ba é an duine ab óige de thriúr mac.

Bailitheoir stampaí, mianraí agus buidéal snaoise Síneach ab ea é ina óige.

Tar éis a chuid scolaíochta i Nua-Eabhrac, bhain sé céim amach mar innealtóir miandóireachta ó Ollscoil Columbia.

Chuaigh sé go Denver agus thosaigh sé ag bun an scála ag sluaisteáil carriage i mianaigh. D’oibrigh sé go dian agus bhain sé clú idirnáisiúnta amach go pras mar innealtóir mianadóireachta. Bhí an leasainm 'Rí an Chopair' air. Bhunaigh sé comhairleacht miandóireachta fíor-rathúil i Nua-Eabhrac i 1908. Bhí sé pósta le Grace Madeleine Rickard ag an am seo agus bhí beirt pháistí acu. Fuair sí bás le fiabhras tíofóideach sa bhliain 1911, áfach.

 
Leabharlann

An Bhreatain

cuir in eagar

Agus é in easláinte, chuaigh Beatty go dtí an Bhreatain. Bhunaigh sé comhairleacht nua i Londain agus cheannaigh sé Teach Baroda i nGairdíní Phálas Kensington a bhliain 1912. I 1913, phós sé Meiriceánach eile, Edith Dunn. Bhí sé ag bailiú ar bhonn níos fairsinge anois, agus é ag ceannach lámhscríbhinní Eorpacha agus Peirseacha. Cuireadh a shuimeanna ar bhealach nua nuair a bhí sé féin agus a bhean nua san Éigipt i 1914, mar cheannaigh sé roinnt cóipeanna maisithe den Koran sna basáir. Spreagadh a shuim i bpéintéireacht Shíneach agus Sheaipíneach agus é san Áise i 1917.

 
Leabharlann

Tarraingíodh a shúil ar ábhar fíormhaisithe, peannaireacht álainn agus ceangal bhreátha, ach bhí luí aige le téacsanna a chaomhnú dá luacht stairiúil. Rinne Chester Beatty cion mór do sholáthar amhábhar straitéiseach do na Comhghuaillithe le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus rinneadh ridire de ina dhiaidh sin.

I 1950, d’aistrigh Chester Beatty a bhailiúchán go Baile Átha Cliath. Bhí leabharlann aige don bhailiúchán, agus osclaíodh í sa bhliain 1954. Bronnadh an chéad saoránacht oinigh Éireannach riamh air I 1957. Fuair Chester Beatty bás sa bhliain 1968, agus tá a uaigh suite i Reilig Ghlas Naíon. Fágadh a bhailiúcháin le huacht chun leas an phobail, agus ceann d’institiúidí náisiúnta na hÉireann is ea Leabharlann Chester Beatty ag Caisleán Bhaile Átha Cliath anois.

 
Beatty curtha i Reilig Ghlas Naíon