Jump to content

An difríocht idir athruithe ar: "Inneall turba-scairde"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 37: Líne 37:
[[Image:Axial compressor.gif|right|thumb|Beochan de chomhbhrúiteoir aiseach. Is iad na státair na lanna dorcha.]]
[[Image:Axial compressor.gif|right|thumb|Beochan de chomhbhrúiteoir aiseach. Is iad na státair na lanna dorcha.]]
[[Íomhá:Innneall turbai-scairde.jpeg|thumb|250px|Léaráid ag taispeáint feidhmiú innill turbai-scairde le sreabhadh lártheifeach. Tá an comhbhrúiteoir á thoimaint tríd an chéim thuirbíneach agus caitear an t-aer amach, a cheanglaíonn dó bheith ath-stiúraithe comhthreomhardh le hais an sá.]]
[[Íomhá:Innneall turbai-scairde.jpeg|thumb|250px|Léaráid ag taispeáint feidhmiú innill turbai-scairde le sreabhadh lártheifeach. Tá an comhbhrúiteoir á thoimaint tríd an chéim thuirbíneach agus caitear an t-aer amach, a cheanglaíonn dó bheith ath-stiúraithe comhthreomhardh le hais an sá.]]
[[Íomhá:Feidhmiú an Innill Tuirbí-Scairde.jpeg|thumb|250px|Léaráid ag taispeáint feidhmiú innill turbai-scairde]]
Tá an t-ionraon aeir suite os comhair an chomhbhrúiteora, agus é ceaptha chun rop-bhrú an tsruthfheadáin, a thagann ón aer-iontógáil, a shábháil ar an mbealach is éifeachtúla.
Tá an t-ionraon aeir suite os comhair an chomhbhrúiteora, agus é ceaptha chun rop-bhrú an tsruthfheadáin, a thagann ón aer-iontógáil, a shábháil ar an mbealach is éifeachtúla.
Ag leanúint ón ionraon aeir, téann an t-aer isteach san chomhbhrúiteoir.
Ag leanúint ón ionraon aeir, téann an t-aer isteach san chomhbhrúiteoir.

Leagan ó 15:45, 25 Lúnasa 2007

Is iad na scairdinnill is simplí agus is sine iad na hinnill turba-scairde. D'fhorbair an bheirt innealtóir éagsúil, Frank Whittle i Sasana agus Hans von Ohain san Ghearmáin an coincheap, neamhspleách óna chéile, sna tríochaidí.


Tá na turba-scairde comhdhéanta de ionraon aeir, comhbhrúiteoir aeir, cuasán dó, gástuirbín (a thiománann aer chuig an chomhbhrúitera) agus soc.

Comhbhrúitear an t-aer isteach sa chuasán, bíonn an teas dócháin freagrach as an aer a fhorleathnú agus a téamh, agus ar aghaidh ansin leis an gás sceite, tríd an tuirbín agus amach as an soc, i gcúrsa luathaithe, a thugann cumhacht tiomána don fheithicil.

Tá na turba-scairde neamhéifeachtach ( ag luas níos lú ná Mach2) agus íontach challánach. Bíonn innill turbai-fean in úsáid ag mórchuid aerárthaí na linne seo.

Stair

Ba é an Heinkel He 178 an chéad scairdeitleán a d'úsáid cumhacht innill turba-fean le haghaidh eitilte, ar an 27 Mí Lúnasa na bliana 1939.

Ba é an Messerschmitt Me 262 agus an Gloster Meteor na chéad innill turba-scairde oibríochta a bhí rannpháirteach sa Dara Cogadh Domhanda i 1944.

Úsaidtear an t-inneall turba-scairde go príomha le haghaidh eitleáin a thiomáint.Tarraingítear aer isteach sa chomhbhrúiteoir rothlach, tríd an ionraon aeir, agus i ndiaidh an t-aer a bheith chomhbhrúite go dtí brú níos airde, ligtear é isteach sa chuasán dó. Measctar an breosla leis an aer comhbhrúite agus téann an meascán seo ag bladhmadh i sruth guairneáin an choinneálaí lasrach. Ardaíonn an próiseas dó seo teocht an gháis go suntasach. Forbraíonn na táirgí dó iontach te seo agus iad ag dul tríd an turibín, áit a mbaintear cumhacht as le haghaidh an chomhbhrúiteora. Cé go laghdaíonn an próiseas forbartha brú agus teocht an gháis a imíonn amach ón tuirbín, de gnáth, bíonn na paraiméadair araon fós níos airde ná na coinníollacha comhthimpeallacha.

Forbraíonn an sruth gáis go dtí brú chomhthimpeallach agus é ar a shlí amach ón tuirbín, tríd an soc tiomána, agus táirgítear scaird gháis ardluais sa chleitín sceite. Má tá móiminteam an tsrutha sceite níos mó ná móiminteam an gháis iontógála, bíonn an ríog dearfach, agus de réir sin bíonn sá glan chun tosaigh ar an aerinneall.

Bhí scairdinnill den chéad ghlúin ina ghlan innill turba-scairde le chomhbhrúiteoir lártheifeach nó aiseach. Is innill turbai-fean iad den chuid is mó na scairdinnill nua-aimseartha, ina dtéann céatadán d'aer-iontógála ar seach-chonair ón dóire: agus an céatadán seo ag brath ar coibhneas seach-chonair an innill. Cé go bhfuil dearadh innill na rop-scairdinneall níos simplí, mar nach bhfuil chóir a bheith páirteanna gluaisteacha acu, níl siad in ann feidhmiú ag íseal-luas eitilte.


Aer-iontógáil

Beochan de chomhbhrúiteoir aiseach. Is iad na státair na lanna dorcha.
Léaráid ag taispeáint feidhmiú innill turbai-scairde le sreabhadh lártheifeach. Tá an comhbhrúiteoir á thoimaint tríd an chéim thuirbíneach agus caitear an t-aer amach, a cheanglaíonn dó bheith ath-stiúraithe comhthreomhardh le hais an sá.
Léaráid ag taispeáint feidhmiú innill turbai-scairde

Tá an t-ionraon aeir suite os comhair an chomhbhrúiteora, agus é ceaptha chun rop-bhrú an tsruthfheadáin, a thagann ón aer-iontógáil, a shábháil ar an mbealach is éifeachtúla. Ag leanúint ón ionraon aeir, téann an t-aer isteach san chomhbhrúiteoir.

Comhbhrúiteoir

Tarraingítear aer isteach sa chomhbhrúiteoir rothlach, tríd an ionraon aeir, agus i ndiaidh an t-aer a bheith chomhbhrúite go dtí brú níos airde, ligtear é isteach sa chuasán dó. Measctar an breosla leis an aer comhbhrúite. Rothlaíonn an comhbhrúiteoir faoi an-ard luais,agus cuireann seo le fuinneamh na haershreibhe. Go comhuaineach, comhbhrúitear an t-aer isteach i ndlúthspás, dá bharr sin, ardaítear a bhrú agus a teocht. Sa chuid is mó de na heitleáin scairdchumhachta, baintear amach aer-sceite ón chomhbhrúiteoir go comhleanúnach i dtreo is gur féidir jabanna éagsúla a dhéanamh, aerchóiriú/brúchóiriú, ionraon an innill a neamh-oighriú agus fuarú an tuirbín san áireamh.

Go ginearálta bíonn na hilchineálacha comhbhrúiteoirí in úsáid sna hinnill turba-scairde agus gástuirbíní: aiseach, lártheifeach, aiseach-lártheifeach, dé-lártheifeach, srl.

I dtosach, bhí brúchóimheas foriomlán sách íseal de 5:1 ag comhbhrúiteoir an innill turba-scairde ( mar atá ag méid mór de na haonaid-chúnta chúmhtacha agus na hinneall turba-scairde cumhacht- tiomána an lae inniu.)

Do bhí ar chumas na hinnill turba-scairde níos déanaí,de réir feabhsú aeraidinimiciúl, maille leis an córas comhbhrúite a scaradh i dhá aonaid ar leith agus/nó ina bhfuil comhbhrúiteoir le céimseata athraitheach insuite, brúchóimheas foriomlán sách ard de 15:1 nó níos mó a bhaint amach.

I gcomórtas leo siúd. bíonn brúchóimheas foriomlán comh hard le 44:1 nó níos mó ag na hinnill turbai- fean sibhialta, na linne seo.


Cuasán Dó

Tuirbín

Foinsí

Féach freisin